“D’fhoghlaim mé an giotár nuair a bhí mé cúig bliana déag d’aois le bheith i mo Taylor Swift. Agus nuair a bhí mé i mo pháiste, bhí mé i gcónaí ag léiriú seónna sa seomra suí le mo dheirfiúracha…Bhí mise i mo stiúrthóir i gcónaí!”

Is ealaíontóir amharclainne as Baile Átha Cliath í Shauna Carrick agus is ar ar cheoldrámaí a bhíonn cuid mhór dá fócas. Beidh a ceoldráma nua, SAOIRSE, sa Taibhdhearc i nGaillimh an 10–25 Iúil, mar chuid den Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta.

Shauna Carrick. Grianghraf: Julia Dunin
Shauna Carrick. Grianghraf: Julia Dunin

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Léigh mé Looking for Alaska le John Green nuair a bhí mé sé bliana déag d’aois, díreach ag an am ceart i mo shaol. Chomh maith leis sin, ba é American Idiot le Green Day an chéad dlúthdhiosca a cheannaigh mé riamh liom féin. Bhí ‘E’ mór ar an gclúdach le haghaidh “Explicit” agus shíl mé gur fhíor-reibiliúnach mé.

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

Dolly Parton gan dabht. Is ceoltóir, amhránaí, agus scéalaí den scoth í, ach fós féin is duine cineálta agus flaithiúil í atá ag iarraidh an domhan a fheabhsú. Agus scríobh sí Jolene agus I Will Always Love You ar an lá céanna. Dochreidte.

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú? Téim ag tiomáint. Cuidíonn an ghluaiseacht ar aghaidh agus an fócas le mo chuid smaointe a chiúnú. Agus chomh maith leis sin, ní féidir liom breathnú ar m’fhón póca.

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén gort cruthaitheach ba bhreá leat a bheith a fhiosrú?

Tá meas mór agam ar mhúinteoirí agus is breá liom a bheith ag obair le daoine óga.

Shauna Carrick: Beidh a ceoldráma nua, SAOIRSE, sa Taibhdhearc i nGaillimh an 10–25 Iúil, mar chuid den Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta. Grianghraf: Julia Dunin
Shauna Carrick: Beidh a ceoldráma nua, SAOIRSE, sa Taibhdhearc i nGaillimh an 10–25 Iúil, mar chuid den Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta. Grianghraf: Julia Dunin

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

B’fhéidir SAOIRSE. Seo é mo chéad seó lán-Ghaeilge agus tá domhan nua oscailte anois. Téann na carachtair sa seó ar thuras, ach bhí mé féin ar thuras freisin, agus táim chomh buíoch as an deis seo a bheith agam fás - mar ealaíontóir agus mar dhuine.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?

Go raibh fírinneacht i mo chuid oibre, agus go bhfuil sé oscailte do gach éinne. Táim ag iarraidh droichid a chruthú trí mo chuid oibre, chuig an nGaeilge, chuig mothúcháin, agus chuig comhrá atá deacair.

Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

“Beidh sé níos éasca duit drámaí ina bhfuil amhráin a scríobh, seachas ceoldrámaí.” Ní drochfhocal é ‘ceoldráma’.

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

Princess Diaries, 1 nó 2; Parks and Recreation; agus Journey to the River Sea le Eva Ibbotson.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Bhí leabharlann againn inár scoil agus chruthaigh leabharlannaí na scoile an spás sábháilte is dochreidte do dhaltaí, go háirithe do na nerds cosúil liomsa. Bhunaigh sí clubanna leabhar, clubanna cluichí, agus thug sí spás dúinn chun pobal a thógáil agus ár smaointe a roinnt.

Téim ag tiomáint. Cuidíonn an ghluaiseacht ar aghaidh agus an fócas le mo chuid smaointe a chiúnú. Agus chomh maith leis sin, ní féidir liom breathnú ar m’fhón póca.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Ní déarfadh mo thuismitheoirí gur ealaíontóirí iad, ach bhí ceol agus ealaín againn sa bhaile i gcónaí. Chan mo dhaid amhráin dom agus mé ag dul i mo chodladh nuair a bhí mé i mo pháiste agus bhí muid i gcónaí ag déanamh tionscadail ealaíne le mo mhám ag bord na cistine. Tá a lán cuimhní maithe agam ó bheith ag fás aníos.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?

Bhí mé ag cumadh amhrán beagnach ó rugadh mé. D’fhoghlaim mé an giotár nuair a bhí mé cúig bliana déag d’aois le bheith i mo Taylor Swift. Agus nuair a bhí mé i mo pháiste, bhí mé i gcónaí ag léiriú seónna sa seomra suí le mo dheirfiúracha agus mo chol ceathracha. Bhí mise i mo stiúrthóir i gcónaí!

Shauna Carrick. Grianghraf: Julia Dunin
Shauna Carrick. Grianghraf: Julia Dunin

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?

Bhí mé ag ceolchoirm de chuid The Gloaming cúpla bliain ó shin sa Cheoláras Náisiúnta agus is cuimhin liom mé ag rá liom féin: “má fhaighim bás, tá súil agam gurb é seo an rud atá ar neamh”. Draíocht a bhí ann.

An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?

B’aoibhinn liom píosa ceoil do scannán nó ceolfhoirne a chumadh sa todhchaí. Tá a lán le foghlaim agamsa faoi fós ach is aoibhinn liom na scéalta atá sa cheol clasaiceach agus ba mhaith liom píosa a chruthú liom féin. Ach tá a lán ceoldrámaí fós le scríobh agam ar dtús.

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?

Táim gafa leis an albam nua le Raye, is an amharclannaíocht fite fuaite ann. Is aoibhinn liom Huartan agus Aniar agus na rudaí atá á ndéanamh acu leis an gceol traidisiúnta. Bhain mé an-taitneamh as The Curious Case of Benjamin Button anuraidh freisin - chuaigh mé ar ais trí huaire.

Cad iad na hionaid, na gailearaithe, nó na pictiúrlanna is fearr leat?

Tá grá mór agam do m’amharclann áitiúil, an Mill Theatre i nDún Droma. Thug siad a lán deiseanna dom le mo chuid oibre a chruthú, a fheabhsú, agus a bheith i m’ealaíontóir anois. Agus, ar ndóigh, is aoibhinn liom an Taibhdhearc agus is mór an onóir dom a bheith ag obair leo an samhradh seo le SAOIRSE ag Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe. Bhí mo sheanathair ag aisteoireacht ann nuair a bhí sé óg agus, ochtó bliain níos déanaí, táimse ag obair ann anois!

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?

Is am suimiúil é atá againn anois in Éirinn. Tá daoine ag cruthú seónna iontacha gan airgead ar bith. Ní easpa cumais atá i gceist ach easpa airgid agus deiseanna. Caithfidh na healaíontóirí a bheith ina scríbhneoir, léiritheoir, bainisteoir meán sóisialta, cuntasóir srl. ar fad ag an am céanna. Ní féidir leanúint den dícheall sin agus caithfidh muid an tacaíocht cheart a chur ar fáil chun an tionscal agus na daoine a chosaint.

Shauna Carrick: Is aoibhinn liom a bheith faoin aer, go háirithe sna coillte nó cois trá. Grianghraf: Julia Dunin
Shauna Carrick: Is aoibhinn liom a bheith faoin aer, go háirithe sna coillte nó cois trá. Grianghraf: Julia Dunin

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

Go mbím i gcónaí san amharclann. Is minic a bhím sa bhaile, i m’aonar, ag obair ar mo ríomhaire. Is saol aonarach é go minic, sin an fáth ar aoibhinn liom an seomra cleachtaidh nuair atá an script críochnaithe!

Cén cineál áite a spreagann thú?

Is aoibhinn liom a bheith faoin aer, go háirithe sna coillte nó cois trá. Mothaím an suaimhneas agus an saol atá iontu, agus mothaím go bhfuil mé féin níos lú in aice leo. Tagann an inspioráid chugam nuair atáim in ann mo chuid smaointe a chloisteáil.

Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú de bharr do chuid oibre?

Nuair a scríobh mé an ceoldráma Shauna Carrick Wants a Dog bhí mé ag scríobh faoi na rudaí a chuireann imní orm agus faoi mo thaithí féin. Ach tar éis an chéad seó, tháinig daoine chugam ag rá, “Sin mise! Mothaím díreach an bealach céanna!”. Bhí sé an-deas a bheith ag caint le daoine faoi agus thuig mé ansin go gcuireann na rudaí céanna imní ar bheagnach gach duine, ach nach mbímid ag caint fúthu.

Cad iad do thuairimí faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?

Tá fuinneamh ann anois cinnte, agus tá níos mó daoine ag iarraidh ealaín a chruthú as Gaeilge inniu. Caithfidh muid an fuinneamh sin a choimeád agus a spreagadh agus an deis a thabhairt do dhaoine a gcuid oibre a dhéanamh as Gaeilge. Is linne í, mar sin molaim do gach duine triail a bhaint aisti. Más féidir leat é a dhéanamh as Béarla, is féidir leat é a dhéanamh as Gaeilge.

Cad é do mhana?

“Bí cineálta, bí cróga, bí dána.”

Foclóir:

ceoldráma = opera/musical

lagtrá cruthaitheachta = creative block

flaithiúil = generous

stiúrthóir = director

tionscadail = projects

amhránaí = singer

léiritheoir = producer

spreagann = inspires/motivates

is linne í = it belongs to us

fite fuaite = woven through/interwoven

Una Mullally

Una Mullally

Una Mullally, a contributor to The Irish Times, writes a weekly opinion column